Poblacht i lár na hEorpa í an Ostair, ar mar a dtugtar go hoifigiúil Poblacht na hOstaire. Tá teorannacha aici leis an nGearmáin, leis an tSeic, leis an tSlóvaic, leis an Ungáir, leis an tSlóivéin, leis an Iodáil, le Lichtinstéin agus leis an Eilvéis. Is é Vín príomhchathair na tíre.