Tír suite i lár na hEorpa, atá ina ballstát den Aontas Eorpach, is ea an tSeic, nó Poblacht na Seice mar a thugtar uirthi go neamhoifigiúil. Tá teorainn aici leis an bPolainn san oirthuaisceart, leis an nGearmáin san iarthar, leis an Ostair sa deisceart agus leis an tSlóvaic san oirthear. Is í Prág príomhchathair na tíre. Tiomsaíonn an tír dhá réigiún stairiúla, mar at…Tír suite i lár na hEorpa, atá ina ballstát den Aontas Eorpach, is ea an tSeic, nó Poblacht na Seice mar a thugtar uirthi go neamhoifigiúil. Tá teorainn aici leis an bPolainn san oirthuaisceart, leis an nGearmáin san iarthar, leis an Ostair sa deisceart agus leis an tSlóvaic san oirthear. Is í Prág príomhchathair na tíre. Tiomsaíonn an tír dhá réigiún stairiúla, mar atá an Bhoihéim agus an Mhoráiv. Tá cuid den tSiléis sa tSeic chomh maith.