Cathair i dtuaisceart Chalifornia is ea Hayward. Tá Hayward suite i ndeisceart Chontae Alameda idir Castro Valley agus Union City. Tá sé suite ar bhruach thoir Bhá San Francisco agus áirítear Hayward mar sin mar chuid den fhoréigiún thoir de Cheantar Bhá San Francisco. Sa bhliain 2016 measadh 158,937 duine a bheith ina gcónaí in Hayward.
Ainmnithe in ómós: William Dutton Hayward agus Alvinza Hayward