Tír in oirdheisceart na hEorpa is ea an tSeirbia, nó Poblacht na Seirbia. Is í Béalgrád an phríomhchathair agus an chathair is mó. Tá sí suite ag crosaire idir Lár na hEorpa agus Oirdheisceart na hEorpa. Tá stair agus cultúr éagsúil ag an tír cé gur tír réasúnta beag í. Faoi láthair tá sí ag dul tríd an aistriú ó Sóisialachas Tito agus ré Milošević go daonlathas. Tá …Tír in oirdheisceart na hEorpa is ea an tSeirbia, nó Poblacht na Seirbia. Is í Béalgrád an phríomhchathair agus an chathair is mó. Tá sí suite ag crosaire idir Lár na hEorpa agus Oirdheisceart na hEorpa. Tá stair agus cultúr éagsúil ag an tír cé gur tír réasúnta beag í. Faoi láthair tá sí ag dul tríd an aistriú ó Sóisialachas Tito agus ré Milošević go daonlathas. Tá teorainn aici leis An Ungáir ó thuaidh; An Rómáin agus an Bhulgáir san oirthear; an Mhacadóin ó dheas agus; an Chróit, an Bhoisnia, agus Montainéagró san iarthar; freisin tá teorainn aici leis an Albáin tríd an réigiúin Cosaive.