port-au-prince

Is é Port-au-Prince príomhchathair Háítí agus an chathair is mó sa stát Cairibeach Háítí. Thug an daonáireamh sa bhliain 2003 le fios go raib…
Is é Port-au-Prince príomhchathair Háítí agus an chathair is mó sa stát Cairibeach Háítí. Thug an daonáireamh sa bhliain 2003 le fios go raibh daonra oifigiúil de 704,776 ag an chomún. Tá an chathair Port-au-Prince ós comhair Mhurascaill na Gonâve. Coinnigh an cuan ar a luíonn an chathair, a fheidhmíonn mar cuan nádúrtha, gníomhaíocht eacnamaíoch ón seansibhialtacht Arahuaco. Ar dtús, bhí an chathair ionchorpraithe faoi riail choilíneach na Fraince sa bhliain 1749, agus is í an chathair is mó i Háítí ó shin. Tá leagan amach na cathrach cosúil le hamfaitéatar; na ceantair tráchtála in aice leis an uisce, agus na comharsanachtaí cónaithe lonnaithe ar na cnoic os a gcionn. Tá sé deacair daonra na háite a mheas mar gheall ar an bhfás tapa a slumaí sna hárda os comhair na cathrach; tugann na meastacháin is déanaí le fios go bhfuil an daonra idir 2.5 agus 3 mhilliún duine.
  • Stát ceannasach: Háítí
  • Department of Haiti: Ouest ⁽ᵉⁿ⁾
  • Arrondissement of Haiti: Arrondissement Port-au-Prince
  • Príomhchathair de: Háítí · Ouest ⁽ᵉⁿ⁾
  • Iomlán: 987,310 (2015)
  • Teanga oifigiúil: an Fhraincis · Criól Háítí
  • Achar dromchla: 36,040,000 m²
Sonraí ó: ga.wikipedia.org