United Newark Flight Cuts

Is é Newark an chathair is mó i stát New Jersey i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Priomhbhaile Chontae Essex atá ann chomh maith. Tá an …
Is é Newark an chathair is mó i stát New Jersey i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Priomhbhaile Chontae Essex atá ann chomh maith. Tá an chathair suite i ngar do Chathair Nua-Eabhrac, timpeall ocht míle slí siar ó Manhattan agus 2 mhíle slí ó thuaidh ó Oileán Staten. Níl Newark rófhada ón Aigéan Atlantach ach oiread. Tá Port Newark, calafort na cathrach, suite ar Bhá Newark, áit atá nasctha le Cuan Nua-Eabhrac. Láimhseáiltear níos mó coimeadán lasta ann ná in aon áit eile sa réigiún uirbeach sin. Tá roinnt comhlachtaí móra lonnaithe i Newark, leithéidí Prudential Financial, comlacht árachais. Tá Newark Liberty International Airport ar cheann de na trí aerfort mhóra i réigiún uirbeach Nua-Eabhrac agus ar an gceann is sine díobh. Is í "Cathair na mBrící" leasainm na cathrach.
  • Ainmnithe in ómós: Newark-on-Trent
  • Stát ceannasach: Stáit Aontaithe Mheiriceá
  • Stát sna Stáit Aontaithe: Nua-Gheirsí
  • Contae de chuid Nua-Gheirsí: Contae Essex
  • Príomhchathair de: Contae Essex
  • Iomlán: 311,549 (2020)
  • Líon na dteaghlach: 102,195 (2020)

Pleananna turais molta

Sonraí ó: ga.wikipedia.org