albany

Príomhchathair Stát Nua-Eabhrac i SAM is ea Albany, suite 150 míle slí ó thuaidh de Chathair Nua-Eabhrac ar an mbruach thiar den Abhainn Hu…
Príomhchathair Stát Nua-Eabhrac i SAM is ea Albany, suite 150 míle slí ó thuaidh de Chathair Nua-Eabhrac ar an mbruach thiar den Abhainn Hudson. Bhí 93,539 duine ina gcónaí in Albany sa bhliain 2008 de réir meastachán Bhiúro an Daonáirimh, a mheas freisin go raibh 857,592 duine ina gcónaí sa cheantar uirbeach ar fad. Ceantar an Phríomhbhaile a thugtar ar Albany in éineacht le roinnt cathracha atá ina aice, dála Troy agus Schenectady.
  • Ainmnithe in ómós: Séamas II agus VII
  • Stát ceannasach: Stáit Aontaithe Mheiriceá
  • Stát sna Stáit Aontaithe: Nua-Eabhrac
  • Contae de chuid Nua-Eabhrac: Contae Albany
  • Príomhchathair de: Nua-Eabhrac · Contae Albany
  • Iomlán: 99,224 (2020)
  • Líon na dteaghlach: 41,614 (2020)
Sonraí ó: ga.wikipedia.org