Tír í an Pholainn, nó Poblacht na Polainne, mar a thugtar uirthi go hoifigiúil, atá suite ar chósta theas Mhuir Bhailt. Tá sí ag críochantacht leis an nGearmáin, le Poblacht na Seice, leis an tSlóvaic, leis an Úcráin, leis an mBílearúis agus leis an Liotuáin. Thairis sin, tá ceantar Kaliningrad, ar leis an Rúis é, suite idir an Liotuáin agus an Pholainn.