Tír san Afraic is ea Poblacht Ghána. Tá Gána suite ar chósta thiar na hAfraice, idir Tóga, an Cósta Eabhair agus Buircíne Fasó. Bhíodh sí mar choilíneacht de chuid na Portaingéile, na hÍsiltíre agus na Ríochta Aontaithe go dtí gur bhain sí neamhspleáchas amach i 1957 – an chéad tír Afracach a rinne a leithéid.