Tír thalamhiata i lár na hEorpa is ea an Ungáir agus teorainneacha aici leis an Ostair, an tSlóvaic, an Úcráin, an Rómáin, an tSeirbia, an Chróit agus an tSlóivéin. Maigiaraigh a thugann na hUngáraigh orthu féin, agus is é an t-ainm seo is bun le hainm na tíre féin san Ungáiris agus ina lán teangacha eile sa réigiún.