Is í an tSicil an t-oileán is mó sa Mheánmhuir. Ceann de réigiúin Phoblacht na hIodála atá ann, agus 4,968,991 duine ina gcónaí ansin. Tá an tSicil 25,700km ar achar. Is í Palermo príomhchathair an réigiúin. Is iad Catania, Messina, Siracusa, Trapani, Enna, Caltanissetta, Agrigento, agus Ragusa príomhchathracha na gcúigí eile sa tSicil.